Paróiste an Fheirtéaraigh

Paróiste Dhún Chaoin, Paróiste Dhún Urlann,
Paróiste Mhárthain, Paróiste na Cille, Paróiste Mórdhach

Cliceáil anseo do Aifrinntí ar líne

 

Séipéil
Uinseann Naofa, Baile an Fheirtéaraigh (St Vincents)
Naomh Gobnait, Dún Chaoin (St Gobnait)
Séipéal na Carraige (Carraig Church)

An tAthair Eoghan Ó Cadhla 066-9156131
r-phost:  baileanfheirtearaigh@dioceseofkerry.ie
Seoladh:  Tigh na Sagart, Baile an Fheirtéaraigh, Trá Lí, Co. Chiarraí.

 

Deastógáil na Maighdine Muire

Séipéal Na Carraige, Dé hAoine, 14 Lúnasa ar a 7.30in

Séipéal Naomh Gobnait, Dé Sathairn 15 Lúnasa ar a 9.00rn

Séipéal Naomh Uinseann, Dé Sathairn, 15 Lúnasa ar a 10.00rn (Adhradh na Naomhshacraiminte i Séipeal Nomh Uinseann, idir 12.00 meán lae agus 6.00in, Dé Sathairn, 15 Lúnasa (Féile na Deastógála). 

 

Buíochas

D’éirigh thar barr leis an gceolchoirm a bhí againn i Halla na Feothanaí ar mhaithe le cothabháil na séipéal sa paróiste.  Ár mbuíochas le Coiste an Halla as an halla a chur ar fáil.  Tá an Coiste Airgeadais agus Comhairle Thréadach an Pharóiste ana-bhuíoch ar fad do gach éinne a bhí páirteach.  Ar stáitse bhí, ceoltóirí agus amhránaithe don scoth.  Níor bheag í an obair ullmhúcháin agus eagrúcháin a lean an cúram, agus táimid an-bhuíoch do gach uile dhuine a chabhraigh in aon tslí.  Buíochas le Bean an Tí, Helen Ní Shé, leis na daoine agus na gnóanna a chuir duaiseanna ar fáil, Tadhg Ó Dubhshláine a bhron dealbh aoibhinn orainn don gceant, na daoine a d’eagraigh an geansaí don gceant, na daoine a bhí páirteach sa cheant agus do gach duine a cheannaigh ticéid don gcrannchur, agus a d’fhreastail ar an gceolchoirm agus na daoine a chabhraigh ar an oíche.  Buíochas speisialta dos gach duine a bhí ar an stáitse.  Rath Dé oraibh uile agus go méadaí Dia bhur stór.

 

Duaiseanna Breátha don gCrannchur Mór – Ticéid ar €5

Print le Liam Ó Néill,

Dhá oíche agus bricfeasta do bheirt in Óstán Rochestown Park, Corcaigh,

Dhá oíche agus bricfeasta do bheirt in Óstán Harding, Baile Átha Cliath,

Oíche amháin agus bricfeasta do bheirt in Óstán Aghadoe Heights, Cill Áirne.

Beidh an tarrac don gCrannchur Mór ar siúl ag Ceolchoirm an Fhómhair in Ionad an Bhlascaoid, Dé Domhnaigh, 25 Deireadh Fómhair.

 

Fuinneog Naomh Proinsias Assisi

Cuireadh isteach an fhuinneog daite nua seo, do Naomh Proinsias Assisi, i Séipéal Naomh Uinseann le déanaí.  Is i gcuimhne ar Mhuintir Fhathaigh agus ar Mhuintir Firtéar an fhuinneog.  Tá sé ana oirúnach mar beidh Naomh Proinsias caillte 800 bliain i 2026.  Buíochas le Glynn Palmer a dhein an dearadh agus an obair a bhain leis an dtogra seo.  ‘Mo Thiarna agus m’Uile.’

 

Feachtas Bailithe Airgid                                   

Tá feachtas bailithe airgid ar bun le tamall anuas chun cabhrú le cothabháil leanúnach na dtrí séipéal sa pharóiste.  Nuair a thugann duine síntiús clarófar intinní i Leabhar Cuimhneacháin an Pharóiste.  Beidh aifrinntí speisialta i rith na bliana dos na h-intinní sin.  Gach eolas oifig@yahoo.ie

Buíochas ó chroí do gach uile duine a thug síntiúis don bhFeachtas Bailithe Airgid go dtí seo.  Go gcuití Dia go fial libh!

 

An tAthair Eoghan Ó Cadhla
Tigh na Sagart
Baile an Fheirtéaraigh, Trá Lí
Guthán:- 066 9156131
e-mail: baileanfheirtearaigh@dioceseofkerry.ie
Download Newsletter Fógraí na Seachtaine 16 08 2026
SÉIPÉAL LUAN – AOINE

 

SATHARN DOMHNACH
Uinsann Naofa, Baile an Fheirtéaraigh
(St Vincent’s)
Luan 9.30rn,

Déardaoin
9.30rn, (Féach sna fógraí mar uaireanta bíonn an tAifreann ann ar a 7.00in)
(Céad Aoine, 9.30 rn)

10.00 rn

Nóta: Aifreann Beo ar Raidió na Gaeltachta, Dé Domhnaigh, 16 Lúnasa ar a 11.00rn. Ní bheidh Aifreann ar a 10.00rn an lá seo.

 

Naomh Gobnait, Dún Chaoin
(St Gobnait’s)
 *** 9.00 rn
(gach re seachtain)
Séipéal na Carraige

(Carraig Church)

Dé Máirt ag 9.30rn

Dé hAoine ar a 7.00in

7.30 in

(gach re seachtain)

To top