Baile an Fheirtéaraigh

Paróiste an Fheirtéaraigh

Paróiste Dhún Chaoin, Paróiste Dhún Urlann,
Paróiste Mhárthain, Paróiste na Cille, Paróiste Mórdhach

 

 

 

 

Cliceáil anseo do Aifrinntí ar líne

 

Séipéil
Uinseann Naofa, Baile an Fheirtéaraigh (St Vincents)
Naomh Gobnait, Dún Chaoin (St Gobnait)
Séipéal na Carraige (Carraig Church)

An tAthair Eoghan Ó Cadhla 066-9156131
r-phost:  baileanfheirtearaigh@dioceseofkerry.ie
Seoladh:  Tigh na Sagart, Baile an Fheirtéaraigh, Trá Lí, Co. Chiarraí.

 

Cártaí Nollag 2025

Beidh na Cártaí Nollag ar díol ag na h-aifrinntí an deireadh seachtaine seo. 6 Chárta ar €5. Táimid go mór faoi chomaoin arís i mbliana do Carol Uí Laoithe a d’ullmhaigh na cártaí do na clódóirí.  Beidh siad ar díol i siopaí áitiúla chomh maith:- Oifig an Phoist Ceann Trá, SPAR, Siopa Uí Mhóráin, Mac Domhnaill Dental, Trá Lí.  Míle buíochas as bhur dtacaíocht. Bheimís buíoch dá gcuirfeadh sibh daoine ón dtaobh amuigh don bparóiste ar an eolas mar gheall ar na cártaí seo.

 

Cloigín an Ben Nevis

Tá athchóiríu déanta anois ar chloigín Shéipéal Naomh Gobnait.  Gach rath ar gach uile dhuine a chabhraigh leis an dtogra seo.

 

 

Fuinneóga Shéipéal Naomh Uinseann

Tá athchoiriú déanta ar na trí fhuinneog ós cionn na haltóra (Fuinneog Mhuire Gan Smal, Iósaf  Naofa agus Eoin an Soisceálaí-Eoin Broinne).  Bhí costas breis agus €30,000 ar an togra seo.  Fáilte roimh shíntiúis.

Cliceáil anseo don bhfoirm Feachtas Bailithe Airgid a íoslódáil anuas Feachtas Bailithe Airgid MF .

 

Séipéal Naomh Uinseann

Tugadh faoi Shéipéal Naomh Uinseann a thógaint sa bhliain 1855, naoi mbliana tar éis an Ghorta.  An tAthair Pádraig Ó Mongáin ó Chill Chonla, an Dún, Baile an Bhuineánaigh, a thug faoi dtogra seo.  Seán Rua Ó Mainín ó Ghort na Lice a bhronn láthair an tséipéil.  Bailíodh £220 láithreach bonn.  Sholáthraigh muintir na háite na hábhair tógála, tharraingíodar ar an láthair iad agus dheineadar freastal ar na ceardaithe.  Ach, cuireadh stop leis an obair i Mí Lúnasa, 1856 de cheall airgid.  Shiúil an tAthair Ó Mongáin an deoise ó cheann ceann ag bailiú airgid.  Críochnaíodh an tógáil ar deireadh agus cuireadh an ceann air.  Ó Choill na Tóime in aice le Cill Áirne a tugadh adhmad an chinn agus slinn Chill Dálua a cuireadh mar dhíon air.  Osclaíodh an séipéal i 1871.  Leac chuimhneacháin do dhúthracht agus do chreideamh na ndaoine seo agus do mhisneach an tsagairt a stiúraigh iad, is ea Séipéal Naomh Uinseann.

(Céad Bliain – Séamus Mac Gearailt)

 

Feachtas Bailithe Airgid                                   

Tá feachtas bailithe airgid ar bun le tamall anuas chun cabhrú le cothabháil leanúnach na dtrí séipéal sa pharóiste.  Nuair a thugann duine síntiús clarófar intinní i Leabhar Cuimhneacháin an Pharóiste agus beidh aifrinntí speisialta i rith na bliana dos na h-intinní sin.   Cliceáil anseo chun an fhoirm a íoslódáil anuas.

Buíochas ó chroí do gach uile duine a thug síntiúis don bhFeachtas Bailithe Airgid go dtí seo.  Go gcuití Dia go fial libh!

 

An tAthair Eoghan Ó Cadhla
Tigh na Sagart
Baile an Fheirtéaraigh, Trá Lí
Guthán:- 066 9156131
 
e-mail: baileanfheirtearaigh@dioceseofkerry.ie

 

 
 
 
 
 

 

Fógraí na Seachtaine, 2025 11 30

 

Litir Aspalda ón bPápa Proinsias

Seo litir a d'fhoilsigh an Pápa Proinsias ar an 1 Nollaig, 2019, mar gheall ar thabhacht an mháinséir um Nollaig.  Cliceáil anseo chun an Litir iomlán a léamh  LITIR ASPALDA

 

Canónú Carlo Acutis

Bhí ceiliúradh speisialta ar an nDomhnach, 7 Meán Fómhair, 2025 do chanónú Carlo Acutis agus Pier Giorgio Frassati.  Buíochas ó chroí do gach uile dhuine a chabhraigh in aon tslí.

Carlo Acutis  1991-2006  (Féile 12 Deireadh Fómhair)

Saolaíodh Carlo Acutis i Londain, agus nuair a bhí sé óg d’aistrigh an clann go dtí an Iodáil.  Bhí grá ar leith aige don Eocairist agus don gCoróin Mhuire agus chuir sé iachall ar a thuismitheoirí é a thabhairt go dtí na scrínte cáiliúla san Iodáil agus áiteanna eile.  Bhí ana chur amach aige ar chúrsaí ríomhaireachta agus chuir sé suíomh idirlíon le chéile mar gheall ar na míorúiltí eocairiste agus tá an suíomh sin fós ar an idirlíon.  Buaileadh breoite le hailse é nuair a bhí sé ina dhéagóir agus d’ofráil sé a fhulaingt ar son an phápa agus na heaglaise.  Tá sé curtha in Assisi agus téann na sluaite go dtí a uaigh.  Tá cáil air ar fud an domhain faoin dtráth seo.  Ainmneofar é mar naomh an bhliain seo chugainn.

 

 

Saoire tré Ghaeilge i mBrú na Gráige - Gach eolas 021-4771710 nó 087-2903913.

 

 

Dóchas Linn Naomh Pádraig

Dóchas linn Naomh Pádraig,

Aspal mór na hÉireann,

Ainm oirearc gléigeal, solas mór an tsaoil é.

D’fhill le soiscéal grá dúinn ainneoin blianta i ‘ngéibheann.

Grá mór Mhac na Páirte d’fhuascail cách ón daorbhroid.

 

Sléibhte, gleannta, mánna ‘s bailte mór’ na hÉireann

Ghlan sé iad go deo dúinn, míle glóir dár naomh dhil.

Iarraimíd ort, a Phádraig, guí orainn na Gaela,

Dia linn lá ‘gus oíche ‘s Pádraig Aspal Éireann.

 

Paidir do Naomh Gobnait

Beannaím dhuit a Ghobnait Naofa,

Mar a bheannaíonn na naoimh,

Beannaím féin dhuit,

Is chughatsa a thána ag gearán mo scéala

Is a d'iarraidh leighis i gcúntais Dé ort.

 

Paidir an Phápa
Paidir a scríobh an Pápa Benedict XVI
do Sheanaithreacha is do Sheanamháithreacha
 
A Thiarna Íosa, a saolaíodh den Maighdean Mhuire,
iníon le Naomh Joachim is le Naomh Anna, féach le barra grá
ar na sean-aithreacha is ar na seana-mháithreacha
ar fuaid an domhain.
Tabhair cosaint dóibh!
Is tobar saibhris iad:
dá gclann, is do chlann a gclainne, is don Eaglais, is don saol ar fad.
Tabhair taca dhóibh!
Do réir mar a raghaidh siad in aois,
gura fada buan i measc a gcoda féin iad:
galláin láidre chreideamh an tSoiscéil,
lucht cosanta na gcuspóirí is uaisle do shaol an teaghlaigh,
stóras saibhir beo de thraidisiún folláin an reiligiúin.
Dein díobh múinteoirí an mhisnigh is na heagna,
chun go gcuirfidís ar aghaidh do na glúinte atá ag teacht
torthaí a dtaithí fada féin sa daonnacht is sa spioradáltacht.
A Thiarna Íosa,
cabhraigh leis na teaghlaigh,
agus leis an saol go léir ina maireann siad,
meas agus luach a chothú
ar láithreachas agus ar ról mhuintir chríonna na leanaí.
Ná déanfaí go deo neamhaird dóibh,
ná ná fágfaí ar an imeall iad,
ach gurab é an grá is an meas a bheadh i gcónaí orthu.
Cabhraigh leo maireachtaint go sítheach síochánta,
agus gurb í an fháilte a bhraithfidh siad i gcónaí rompu,
ar feadh na mblianta go léir a dheonóidh tú ar an saol so dóibh.
A Mhuire, a Mháthair na mBeo go léir,
coinnibh na seanaithreacha is na seanamháithreacha i gcónaí fé do Bhrat;
fan lena gcos is iad ar oilithreacht an tsaoil seo;
agus de bharr do phaidreacha,
deonaigh go dtabharfaí teaghlaigh an tsaoil seo go léir le chéile arís,
inár dtír cheart dúchais ar neamh,
mar a bhfuil tú féin ag fanacht leis an gcine dhaonna ar fad,
chun breith isteach orthu i mbarróg an bheatha shíoraí.
Amen!

 

 

 

Beannacht do Chros Bhríde

A Thiarna Dia, bhain Naomh Bríd feidhm as an gcros

Chun an creideamh a chraobhscaoileadh agus chun easláin a leigheas,

Cuir do bheannacht ar na crosa seo le go mbainfí feidhm astu

Chun breis tuisceana a fháil ar rúndiamhra ár gcreidimh, agus chun

Ár n-easláin a leigheas agus sinn a chosaint ó gach galar agus aicíd.

Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.

 

Comaoineach Spioradálta

Nuair nach féidir leat Comaoineach a ghlacadh, is féidir leat an phaidir seo a rá:

A Íosa, creidim go daingean go bhfuil tú i láthair sa Naomhshacraimint.  Tá grá agam duit ós cionn gach uile ní agus is mian liom tú a ghlacadh isteach im’ anam.  Ó tharla nach féidir liom tú do ghlacadh anois sa Naomhshacraimint, tar ar a laghad go spioradálta isteach im’ chroí.  Tar chugam mar sin, a Thiarna, agus méadaigh do ghrásta ionam.  Ná lig dom scarúint leat go brách.  Moladh go deo leat, a Íosa sa Naomhshacraimint.

(Lámhleabhar Chuallacht An Chroí Ró-Naofa)

 

Cliceáil anseo do Liodán na Maighdine Muire

Cliceáil anseo do phaidreacha coitianta:  Paidreacha Coitianta

 

 

 

 

SÉIPÉAL LUAN - AOINE

 

SATHARN DOMHNACH  
Uinsann Naofa, Baile an Fheirtéaraigh
(St Vincent's)

Luan 9.30rn,

Déardaoin
9.30rn, (Féach sna fógraí mar uaireanta bíonn an tAifreann ann ar a 7.00in)
(Céad Aoine, 9.30 rn)

 

10.00 rn

 

 

 

 

 

 

 
Naomh Gobnait, Dún Chaoin
(St Gobnait's)
   *** 9.00 rn
(gach re seachtain, féach thíos don róta)
 
Séipéal na Carraige

(Carraig Church)

Dé Máirt ag 9.30rn

Dé hAoine ar a 7.00in

7.30 in

(gach re seachtain, féach thíos don róta)

   

Féach Fógraí na Seachtaine do aon athruithe ar ammanta na nAifrinntí.

 

Beo ar an Idirlíon ó Shéipéal Naomh Uinseann https://www.mcn.live/Camera/st-vincents

 

Cliceáil anseo do Aifrinntí 2025

 

Adhradh na Naomhshacraiminte

Bíonn Adhradh na Naomhshacraiminte i Séipéal Naomh Gobnait uair sa mhí, idir 2.00 – 4.00in.  Féach thíos do róta.  Fáilte roimh chách.

Cliceáil anseo do Róta 2025

 

 

Adhradh na Naomh Shacraiminte

Séipéal na Carraige, gach Luan idir 3.00 - 6.00 i.n.

 

Séipéal Naomh Uinseann

Beidh Adhradh tar éis Aifrinn i Séipéal Naomh Uinseann, ar an Luan agus ar an nDéardaoin. Tosnóidh an tAdhradh ag 10.00rn agus ag leanúint ar aghaidh go dtí 10.30rn.  Is féidir logha a fháil nuair a chaitheann duine leathuair a chloig ós comhair na Naomh Shacraiminte.

Fáilte roimis gach éinne.

 

Domhnach na Trócaire Diaga

Cliceáil anseo don:  Nóibhéine agus Mionphaidrín

 


Árdaím mo shúile go dtí na cnoic:

cad as a thiocfaidh cúnamh chugham?

Is ón dTiarna féin a thiocfaidh mo chúnamh,

an té a dhein neamh agus talamh. (Salm 120)