Paróiste an Fheirtéaraigh

Paróiste Dhún Chaoin, Paróiste Dhún Urlann,
Paróiste Mhárthain, Paróiste na Cille, Paróiste Mórdhach

Cliceáil anseo do Aifrinntí ar líne

 

Séipéil
Uinseann Naofa, Baile an Fheirtéaraigh (St Vincents)
Naomh Gobnait, Dún Chaoin (St Gobnait)
Séipéal na Carraige (Carraig Church)

An tAthair Eoghan Ó Cadhla 066-9156131
r-phost:  baileanfheirtearaigh@dioceseofkerry.ie
Seoladh:  Tigh na Sagart, Baile an Fheirtéaraigh, Trá Lí, Co. Chiarraí.

 

Ceolchoirm an Fhómhair 2026

Beidh Ceolchoirm an Fhómhair ar siúl in Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Dé Domhnaigh, 25 Deireadh Fómhair.  Ar an stáitse:- Éilis Ní Chinnéide, Lauren Wallace, Tomás Ó Lúing, Áine Uí Laoithe, Réidín Ní Laoithe (Rince aonair) agus Baill do Chraobh Chill Áirne do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann (buaiteoirí rince seite fé 12 ag Fleadh Cheoil na hÉireann). Tá na ticéid ar fáil anois, tar éis na nAifrinntí nó scéal a chur go oifig@yahoo.ie nó glaoigh ar 086-3787834.

 

Ceant ag Ceolchoirm an Fhómhair

Beidh píosa speisialta eitseála le Maria Simmonds Gooding ar ceant le linn Cheolchoirm an Fhómhair, Dé Domhnaigh, 25 Deireadh Fómhir, 2026.  Tairiscintí go oifig@yahoo.ie roimh 24 Deireadh Fómhair nó ag an gCeolchoirm ar an oíche.  Tairiscintí dáiríre amháin.

 

Duaiseanna Breátha don gCrannchur Mór – Ticéid ar €5

Print le Liam Ó Néill,

Dhá oíche agus bricfeasta do bheirt in Óstán Rochestown Park, Corcaigh,

Dhá oíche agus bricfeasta do bheirt in Óstán Harding, Baile Átha Cliath,

Oíche amháin agus bricfeasta do bheirt in Óstán Aghadoe Heights, Cill Áirne.

Beidh an tarrac don gCrannchur Mór ar siúl ag Ceolchoirm an Fhómhair in Ionad an Bhlascaoid, Dé Domhnaigh, 25 Deireadh Fómhair.

Ticéid ar díol ag na hAifrinntí agus i dTigh an tSaorsaigh.

 

Fuinneog Naomh Proinsias Assisi

Cuireadh isteach an fhuinneog daite nua seo, do Naomh Proinsias Assisi, i Séipéal Naomh Uinseann le déanaí.  Is i gcuimhne ar Mhuintir Fhathaigh agus ar Mhuintir Firtéar an fhuinneog.  Tá sé ana oirúnach mar beidh Naomh Proinsias caillte 800 bliain i 2026.  Buíochas le Glynn Palmer a dhein an dearadh agus an obair a bhain leis an dtogra seo.  ‘Mo Thiarna agus m’Uile.’

 

Feachtas Bailithe Airgid                                   

Tá feachtas bailithe airgid ar bun le tamall anuas chun cabhrú le cothabháil leanúnach na dtrí séipéal sa pharóiste.  Nuair a thugann duine síntiús clarófar intinní i Leabhar Cuimhneacháin an Pharóiste.  Beidh aifrinntí speisialta i rith na bliana dos na h-intinní sin.  Gach eolas oifig@yahoo.ie

Buíochas ó chroí do gach uile duine a thug síntiúis don bhFeachtas Bailithe Airgid go dtí seo.  Go gcuití Dia go fial libh!

 

An tAthair Eoghan Ó Cadhla
Tigh na Sagart
Baile an Fheirtéaraigh, Trá Lí
Guthán:- 066 9156131
e-mail: baileanfheirtearaigh@dioceseofkerry.ie
Download Newsletter Fógraí 18 10 2026
SÉIPÉAL LUAN – AOINE

 

SATHARN DOMHNACH
Uinsann Naofa, Baile an Fheirtéaraigh
(St Vincent’s)
Luan 9.30rn (Féach sna fógraí ar eagla go mbeadh aon athrú ar seo)

 

Déardaoin
9.30rn, (Féach sna fógraí mar uaireanta bíonn an tAifreann ann ar a 7.00in)

(Céad Aoine, 9.30 rn)

 

 

10.00 rn

 

Naomh Gobnait, Dún Chaoin
(St Gobnait’s)
 *** 9.00 rn
(gach re seachtain)
Séipéal na Carraige

(Carraig Church)

Dé Máirt ar a 9.30rn, Dé hAoine ar a 7.00in

Nóta:  Ó Dé hAoine, 30 Deireadh Fómhair beidh an tAifreann i Séipéal na Carraige ag aistriú óna 7.00in go dtí 6.00in.  Scaip an scéal.

 

 

7.30 in

(gach re seachtain)

To top