Paidreacha

Ag lorg paidreoireacht ar an idirlion? – Tearmann

Comhartha na Croise
In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.

Paidir na Deoise
A Thiarna,
Ós deisceabail sinn, cabhraigh linn
Ár saol a chaitheamh cosúil le hÍosa
In éineacht leatsa agus lena chéile agus leis an gcruthaíocht.
Coinnigh san airdeall sin ar chomharthaí ár linne
Agus fonn orainn glacadh le dúshlán an tSoiscéil.
Leigheas sinn le ceirín do ghrá,
Cothaigh sinn le do Bhriathar, beathaigh sinn ag do bhord.
Oscail ár suile le tallainn chách a athaint is feidhm a bhaint astu,
comharthaí do Spioraid inár measc.
Go rabhaimid inár bhfinnéithe beo
Ar an bhfírinne, an chóir agus an tsíocháin,
Ar an dtinteán, sa láthair oibre, agus inár bpobal.
Amen.

Ár nAthair
Ár nAthair,
atá ar neamh,
go naomhaítear d’ainm.
Go dtaga do ríocht.
Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.
Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu
agus maith dúinn ar bhfiacha mar a mhaithimidne dár bhfeichiúna féin;
agus ná lig sinn i gcathú,
ach saor sinn ó olc. Amen.

Sé do Bheatha
Sé do bheatha a Mhuire,
atá lán de ghrásta;
tá an Tiarna leat,
is beannaithe thú idir mná
agus is beannaithe toradh do bhroinne, Íosa.
A NaomhMhuire, a mhathair Dé,
guigh orainn na peacaigh, anois agus ar uair ár mbáis. Amen.

Glóir don Athair
Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don Spiorad Naomh.
Mar a bhí ar dtús, mar atá fós, agus mar a bheidh go brách,
le saol na saol. Amen.

Paidreacha roimh chomaoineach.
A Íosa tar chugam.
A Íosa tar chugam agus tabhair dom do ghrá.
A Íosa tar chugam agus tabhair dom tú féin.
A Íosa, a chara na bpáistí, tar chugam.
A Íosa, is tú mo Thiarna agus mo Dhia.
Moladh go deo leat, a Thiarna Íosa Críost.

Taréis Chomaoineach
Go raibh maith agat, a Íosa dhíl,
As ucht tú féin a thabhairt dom.
Neartaigh mé chun go mbeidh do ghrá le feiceáil ionam gach áit a dtéim.
Tá grá agam duit, a Íosa, agus adhraim thú.
Is tusa an cara is fearr atá agam.
Fáilte romhat, a Íosa dhíl.
Mo bhuíochas leat go dtáinig tú.
A Íosa, is tusa arán na beatha.
Beathaigh mé le hArán na Beatha.
Bí in aice liom, a Thiarna Íosa, inniu is go deo.
Bí in aice liom agus tabhair dom do ghrá.
Beannaigh sinn, do pháistí go léir.
Tabhair aire dúinn go dtí go dtéimid chun cónaithe leat ar neamh.
Tá mé réidh anois a Íosa,
Le méid mo ghrá a thaispeáint duit.
Tá mé réidh anois, le do ghrá a thabhairt sa bhaile is in ngach áit eile.