Gaeilge

CLICEAIL ANSEO do Phlean Treadach na Deoise 2016-2020

Cumann na SagartMachnamh ar leachtai an Domhnach; Paidreacha; Na Sacraiminti

Ag lorg spas paidir ar an idirlion?Tearmann

 

Deoise Chiarraí – Plean Tréadach 2016-2020

Paidir na Deoise

A Dhia Ghrámhair,

Cruthaitheoir na Cruinne,

dheinis an uile rud maith

agus thugais an domhan dúinn mar ár mbaile.

Ghlaois ar gach duine againn ina ainm

le Dea-Scéal do Mhic Íosa Críost a fhógairt

trí fhianaise, trí adhradh agus trí sheirbhís.

Go dtreoraí do Spiorad sinn

mar chumann fáilteach truachroíoch

ag freagairt dá nglao siúd is soghonta;

ag dáileadh ár dtabhartas ar mhaithe le gach duine chun glóir Dé.

Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna. Amen

 

Achoimre

Plean Tréadach do Dheoise Chiarraí sna cúig bliana atá chugainn, 2016—2020 is ea é seo. Tugann sé cur síos ar cad is tábhachtach linn, ar cad nách foláir dúinn a dhéanamh le fianaise a thabhairt ar Íosa Críost agus dóchas an tSoiscéil a chur in iúl i saol an lae inniu.

Is freagra é an Doiciméad seo ar an ndóchas, an imní agus ar fhadhbanna a chuir ár muintir in iúl. Mar bhonn leis tá paróiste, limistéir tréadach agus infrástruchtúr éifeachtach; dúthracht bhreise chun oiliúna leanúnaí, agus díograis ár bpobail agus ár gcléire mar is léir sna paróistí ar fuaid na deoise.

Tá ár bparóistí beo bríomhar agus sáite go daingean i saol an aonú céad fichead in Éirinn. Is é an dúshlán atá romhainn anois ná lúcháir an tsoiscéil a fhógairt i slí a raghaidh i bhfeidhm ar chroí agus ar shaol mhuintir na linne seo atá chomh guagach corrthónach sin.

Leis seo a chur i gcrích díreoimid ár n-aird ar thrí spríoc sna cúig bliana atá chugainn:

  • Comhluadair fháilteacha, lán de chreideamh, i dtiúin le saol na linne a chur chun cinn.
  • É a chur ar chumas ár muintire a gcreideamh a shaibhriú agus Dea-Scéal Íosa a fhógairt.
  • Bheith ag spreagadh an chomhair, na córa agus na trócaire       

Teachtaireacht ón Easpag Réamann

Is le lúcháir agus dóchas a sheolaim an plean tréadach nua do Dheoise Chiarraí. Thánag mar Easpag Chiarraí in 2013 i míonna deiridh an phlean thréadaigh dheireanaigh. Le linn mo chéad dhá bhliain chomhlíon an plean nua an cúrsa beatha ón síol a cuireadh go dtí an plean lánfhorbartha is lúcháir againn go léir anois. An uair sin bhíos aineolach ar an gcreideamh beo, ar dhóchas agus ar ghrá mhuintir ár ndeoise. Inniu, nach agam atá an t-eolas, nach agam atá an t-ábhar misnigh. Nach mór a chuaigh chun cinn sa deoise fén Easpag Ó Murchú ar feadh fiche bliain agus breis arís le cúig bliana.

Molaim go mór gach éinne, tuataí, lucht rialta agus cléir, ag leibhéal na deoise agus paróiste, a dhein seirbhís dhílis fhónta i gcaitheamh na mblianta. Faighim buíochas ar leith leo siúd a chabhraigh le cumadh an Phlean Thréadaaigh seo. Is dúshlánach an uain í agus tá na paróistí ag tabhairt a dúshlán. Pléann an Plean nua Deoise le gnéithe uile na beatha Críostaí. Tá aon ní amháin a iarraim ar gach éinne, ómós a thabhairt don nDomhnach agus é a chur chun cinn mar Lá an Tiarna, lá saoire, lá le hiompú chun Dé ag guí; lá le teacht le chéile chun an Aifrinn a cheiliúradh. Tá an Domhnach i gcroí na beatha Críostaí.

Níor mhiste glacadh le trí imeacht tábhachtacha a tharla le déanaí san Eaglais mar threoir dúinn ag féachaint ar aghaidh ar na cúig bliana romhainn: Imlitir an Phápa Laudato Si An Phápa Proinsias ar an dtimpeallacht agus a phobal. Is féidir é a chur i mbeagán focal i dhá fhrása ‘Aire dár mbaile coiteann’ agus ‘Éist le glao na cré agus le glao na mbocht.’ Aon bhaile mór amháin an chré; tugaigí aire di mar a dhéanfadh sibh do bhur mbaile féin. Aon chlann amháin an cine daonna uile; tabhair aire dóibh mar a thabharfá do do dheirfiúracha agus do do dheartháracha. Go gcuire Dia a bheannacht orthu siúd go léir óna lán náisiún a dhein a mbaile féin dár ndeoise.

Tháinig Sionad an nEaspag le chéile ag plé an téama ‘An Chlann.’ Inár saol atá chomh nua-aimseartha agus chomh teicneolaíoch cuirtear i gcuimhne dúinn chomh minic sin go bhfuil ‘an chlann bunúsach.’ Tabhair ómós do gach clann; saothraigh le go mbeadh sochaí againn atá ag cur beatha na clainne chun cinn; saothraigh go díograiseach ar mhaithe le do chlann féin. Bíodh lúcháir ort nuair is féidir duit cabhrú le clann atá i gcruachás.

Tá clár nua Teagaisc Creidimh sa bhunscoil againn ‘Fás sa Ghrá.’ Deirtear ar an gcéad leathanach de Leabhar an Dalta sna Naíonáin Bheaga : ‘A chlanna dhile…le cabhair na múinteoirí in bhur scoil   agus mhuintir do pharóiste, tá súil againn go gcabhróidh an téacsleabhar seo leat agus tú ag siúl le do leanbh agus é “ag fás sa ghrá” le Dia, agus lena chéile.’ Cad é mar fhreagracht naofa, cad é mar phribhléid naofa. Cad é mar dhúshlán do chlanna, do scoileanna paróiste agus do chomhluadair!

Is glao orainn go léir a bheith inár ‘Lúcháir Chríost’ é ár bPlean Tréadach. Go ndéana An Mhaighdean Mhuire idirghuí ar ár son. Ise a dúirt “Mórann m’anam an Tiarna agus déanann mo spiorad lúcháir [gairdeas] i nDia mo Shlánaitheoir.”

 An tEaspag Réamann de Brún                                                              Fáile an Naomh Uile 2015.                

 

Glaoite le bheith im’ lúcháir Chríost

Thánag go mbeadh an bheatha acu agus go mbeadh sé acu ina iomláine’ (Eoin 10:10). Sna focail sin dheimhnigh Íosa dá dheisceabail agus dúinne leis gurb é is doimhne is mian le Dia dá mhuintir go léir ná go mbeadh an bheatha acu agus acu ina iomláine. Le linn a shaoil thaispeáin Íosa dúinn go dtosnaíonn an bheatha sin á chumadh anois ar an saol seo. Ní geallúint é atá le comhlíonadh i bhfad le teacht. Is féidir dó bheith againn anseo ar an dtalamh agus beidh sé i gcríoch go hiomlán nuair a fheicfimid Dia aghaidh ar aghaidh.

I gcaitheamh a shaoil phoiblí thaispeáin Íosa méid ghrá agus thruachroí Dé don uile dhuine agus labhair orthu. D’oscail a chroí dóibh siúd a bhí in aon chruachás, in ainnise na bochtaine na himní nó galair nó peaca. Bhí urraim mhór aige do gach éinne dár casadh air agus chuir ar a gcumas an mhaitheas agus t-áthas a shíolaigh Dia go domhain iontu a aimsiú. Thaispeáin sé go mbronnann cneastacht, féile, foighne, umhlaíocht, truachroí agu seirbhís do dhaoine eile barr síochána agus áthais. Is leis na buanna sin a thug sé a anam ar ár son. Níor chuaigh sé i muinín cumhachta ná foiréigin lena chéasadh ar an gcrois a sheachaint. Thug sé é féin suas le lántoil ag tnúth le méid ghrá Dé don uile dhuine a fhoilsiú. D’ardaigh Dia ó mhairbh é, thug beatha nua dó agus cumhacht lenar féidir dó bheith i láthair linn i mbeatha an Spioraid.

Sarar fhág sé sinn. theagasc Íosa grúpa dá lucht leanúna, a dheisceabail, sa mhodh beatha a mhair sé féin. Tar éis aiséirí dó dhoirt sé a Spiorad orthu i dtreo go bhfhéadfaidís leanúint orthu ag cur físe sin na beatha i gcríoch ar an saol seo go deo. Is cuid den chomhluadar úd sinne inniu. Agus buanna ón Spiorad againn trí bhaisteadh agus chóneartú agus sinn cothaithe ag an Eocairist, is féidir an rún seo atá ag Dia dúinn a chomhlíonadh, a bheith inár gcomharthaí beo dá ghrá ar an saol seo.

Mar chomhluadair logánta dá dheisceabail, i nDeoise Chiarraí, is cabhair é an Plean Tréadach seo dúinn chun an saol seirbhíse seo a bhfuil Íosa ag glaoch orainn chuige, a chaitheamh. Sa tseirbhís seo aimseoimid barr ár n-áthais. Tá buanna againn go léir atá glaoite orainn a roinnt le daoine eile agus is ag roinnt a bhfuil againn a gheoimid iomláine na beatha ar mian le Dia chomh tréan a bheith againn.

 

Ár nAidhm

Fógair dea-scéal Íosa Críost le lúcháir

i ngníomh, i seirbhís agus ag adhradh Dé.

 

Ár bhfís:

 A bheith inár gcomhluadar creidimh fáilteach truachroíoch  

le Críost ina lár

ag glaoch amach ar bhuanna gach duine

ar mhaithe leis an saol

 chun glóire Dé.   

 

Sprioc 1 : Comhluadair fháilteacha lánchreidmheacha sáite sa saol ina mairimid a chur chun cinn

Le roinnt bhlian tá sagairt agus tuataí ag obair go dian ag forbairt Comhairlí Tréadacha, Coistí Liotúirge, Comhairlí Airgeadais, Coistí Slándála Leanaí agus Boird Bainistíochta Scoileanna i ngach paróiste. Bhí roinnt acmhainní agus comhar idir paróistí san aon limistéir tréadach á riar ag Comhairlí na Limistéirí Tréadach.

Tá ministreacht thuata dulta chun cinn mar go bhfuil deiseanna nua agus cláracha oiliúna á gcur ar fáil. Tá beirt dheochain bhuanna ag ministreacht sa deoise. Tugann ACCORD agus CURA cúnamh do dhaoine ag tráthanna áirithe ina saol. Cothaítear a lán daoine ina bhfianaise ar an Soiscéal ag grúpaí iomadúla e.g. Léigiún Mhuire. Tá sagairt dhíograiseacha ag freagairt agus ag ministreacht do dhaoine i gcúinsí guagacha paróistí a bhíonn ag síorathrú. 

Gníomhaíocht

  • Acmhainní a sholáthar do chlanna agus do chomhluadair leis an gcreideamh a sheachadadh do leanaí;
  • Slite a chothú chun a chur in iúl go bhfuil fáilte roimh gach duine sa pharóiste a bheith gafa agus páirteach;
  • Faisnéis fé ócáidí ar leith le comhluadar a chothú agus fáilte a chur roimh paróisteánaigh i gcaitheamh na bliana;
  • Meas a bheith ar ghuth na mban ag pleanáil agus ag cinneadh ag an leibhéal logánta agus deoiseach inár nEaglais;
  • A chinntiú go mbeadh cothroime shóisialta agus inscne i gcoistí uile paróiste agus deoise;
  • Forbairt foirne adhlactha, baiste agus ministreachta tuata a chur chun cinn;
  • Cabhrú le comhluadair Eaglaise na háite ag soláthar áiseanna urnaí agus adhartha;
  • Comhluadair creidimh ina bhfuil tuiscint do ghairm a chothú;
  • Áiseanna paróiste soshroiste agus fáilteacha a sholáthar;
  • Coistí agus ministreachtaí uile an pharóiste a mheasúnú agus a athnuachaint;
  • Caidreamh le comhluadair Críostaí agus creidimh eile a neartú.
  • Aitheantas a thabhairt don Ghaelainn agus feidhm a bhaint aisti.

Sprioc 2: É a chur ar a gcumas do dhaoine a gcreideamh a dhoimhniú agus Dea-Scéal Íosa a fhógairt

Is mó cló ina bhfuil forbairt creidimh ar siúl sa deoise. Bíonn múinteoirí agus séiplínigh le cúnamh ó chomhairleoirí deoise ag obair le leanaí. Tá tráthnóintí oiliúna agus machnaimh ar fáil do mhinistirí paróiste. Bíonn a lán ag freastal ar chláracha tréadachta agus ministreachta óige. Mar chabhair ag an óige sa deoise tá KDYS, séiplíneacht IT Thrá Lí, tionscnaimh scoile agus paróiste na hóige. Saibhríonn Díseart Bhréanainn in Ard Fhearta , misiúin pharóiste, nóibhéiní, Adhradh na NaomhShacraiminte,Turasanna, Grúpaí urnaí Corónach agus Padre Pio agus eile, creideamh na ndaoine. I gcroí ár saothair sna blianta atá chugainn beidh iarracht ar a chur ar a gcumas do dhaoine a dtaithí mar lucht leanúna agus deisceabail Íosa Críost a dhoimhniú. Ligfidh sin do gach duine a ngairm baiste chun an Soiscéal a fhógairt ó bhriathar agus ó ghníomh a chomhlíonadh. 

Gníomhaíocht

  •  Acmhainní a sholáthar do thuiscint agus cheilíúradh na hEocairiste;
  • Acmhainní a sholáthar don chlár Fás sa Ghrá a chur i bhfeidhm do chlanna, do pharóistí agus do bhunscoileannna;
  • Tionscnaimh ar mhaithe le forbairt spioradálta aosánach a chur chun cinn;
  • Áiseanna a chur ar fáil don chléir lena ministreacht inniu a shaibhriú agus a iompar;
  • Feidhm a bhaint as ócáidí deabhóide an phobail leis an Scéal Fónta a leathadh agus a roinnt;
  • Cabhrú le tionscnaimh dheoise le forbairt phearsanta, shóisialta agus creidimh na hóige a chur chun cinn.
  • Áiseanna a sholáthar do Chomhairlí Tréadacha le scileanna cinnireachta a fhoghlaim;
  • Feidhm a bhaint as na meáin iomadúla chun Scéal Fónta Íosa a scaipeadh.

 

Sprioc 3: Bí ag griogadh le trócaire agus cóir a chur chun cinn.

Múineann Íosa dúinn sna Soiscéil a ndéanaimid do dhaoine eile gur dó-san a dhéanaimid é. Tá an Pápa Proinsias chun tosaigh dár spreagadh chun aire a thabhairt dár siúracha agus dár mbráithre mar chomhartha dár ngrá Críostaí. Tugtar ár ndúshlán bheith inár bhfáithe ár linne agus dul sa tóir le truachroí agus le tuiscint ar an muintir atá ag fulaingt. Tá imeallú, bochtaine agus éagóir ag goilliúint ar a lán daoine inniu. Tá eagrais mar Trócaire, World Mission Ireland, Cumann N. Uinseann de Pól, agus an Coiste Deoise um an gCóir, Síocháin, agus Iomláine na Cruthaíochta gnóthach thar ceann cumaoine na hEaglaise ag fóirithint orthu siúd atá i gcruachás. Cuireann imlitir an Phápa le déanaí Laudato Si i gcuimhne dúinn go bhfuil an chruthaíocht uile ar scáth a chéile. Sna blianta atá chugainn teastaíonn uainn tuiscint níos fearr a fháil ar conas mar atá an Teagasc Sóisialta Caitliceach i gceartlár ár gcreidimh. Beidh seo dár neartú le saothrú i gcomhar leo agus ar a son siúd atá á n-imeallú agus á ngortú i sochaí an lae inniu.

Gníomhaíocht

  • Freagairt gan mhoill do riachtanais d’éigeandála práinneacha ag cur le cumas agus fuinneamh;
  • Iniúchadh a dhéanamh ar bhochtaine, aonaránacht agus imeallú le freagra cuí a thabhairt;
  • Aird a dhíriú ar fhreagracht agus ar dhualgas na hEaglaise i leith na héagóra;
  • Cur leis an agallamh fé pholasaí sóisialta a fhorbairt;
  • Cur le háisiúlacht páirtíochta na n-imeallach féin agus cinneadh fúthu á dhéanamh;
  • Meas agus urraim a thabhairt do chultúir ar leith trí fhreastal tréadach cuí a dhéanamh orthu;
  • Saothrú i gcomhar le gníomhaíochtaí córa sóisialta;
  • A chinntiú go bhfuil acmhainní deoise agus paróiste á riar de réir na córa;
  • Oibreacha a chuirfeadh cúram na cré chun cinn a aithint.

 

Tríd an bplean seo a chur i bhfeidhm feicfimid:

  •  Tuataí, lucht na beatha rialta, agus an chléir ag dáileadh a mbuanna;
  • Paróistí go fáilteach agus gafa le dea-oibreacha;
  • Tuismitheoirí go hoilte agus go díograiseach ag seachadadh an chreidimh dá gclann;
  • Paróistí ag cothú agus ag cabhrú le clanna;
  • Fáilte roimh an óige agus iad fé mholadh agus fé mheas.
  • Fáilte agus bheith istigh ag mná i gcothroime;
  • Paróistí ag aimsiú mar is fearr a fhéadfaidís cruinniú agus ceiliuradh mar chomhluadar;
  • Caoi shabóide ar fáil do shagairt;
  • Daoine san eolas fén mbaint atá ag creideamh leis an gcóir;
  • Paróistí go fáilteach truachroíoch trócaireach leis na boicht;
  • Cumasú a chéile mar shainchomhartha ár gcaidrimh;
  • Saothar na deoise agus na bparóistí ag freagairt dár ndualgas i leith cúram na cruthaíochta;
  • An deoise ag tabhairt cosaint dlí d’imeallaigh;
  • An deoise i gcomhar le heagrais eile ag cothú na córa.www.dioceseofkerry.ie