Plean Tréadach Dheoise Chiarraí
2000-2013
Críost ár nDóchas
Clár
Teachtaireacht ón Easpag Liam Ó Murchú
Ní théann aon stad ar phleanáil thréadach. Tá gá le pleanáil agus beidh i gcónaí le freagra a thabhairt ar na hathruithe ar an saol inár dtimpeall. Tharla athruithe go tapaidh agus go bunúsach ar shochaí na hÉireann le daichead bliain anuas. Níor chóir go gcuirfeadh sé iontas ar aon duine go ndeachaigh sin i bhfeidhm ar an Eaglais.
Tá dúshláin mhóra romhainn mar dheoise agus mar pharóistí. Cheana féin tá leagan amach nua paróistí socair mar Réimsí Tréadacha, tá Comhairlí Tréadacha bunaithe ag libhéal Deoise, Paróiste, agus Réimse Tréadach. Tá an deochaineacht bhuan ar bun. Is é is dóichí go mbeidh, faoin am seo an bhliain seo chugainn, paróistí áirithe gan sagart ina chónaí iontu.
9ú Nollaig 1995 seoladh clár athnuachana Ar Aghaidh le Chéile le Dóchas
ag Tionól Deoise. Seolfar Plean Tréadach Dheoise Chiarraí, a leanann ón gclár sin ag Tionól Deoise 27ú Meán Fómhair 2009. Insíonn an plean fís, spriocanna agus tosaíochtaí ár ndeoise agus ár bparóistí sna blianta romhainn. Gné thábhachtach den phlean is ea páirtíocht na dtuataí. Ní beo i gceart don Eaglais gan tuataí gníomhach inti. Ní aon áibhéal a rá ná mairfidh an Eaglais in Éirinn gan tuataí gníomhacha tíolactha.
Is toradh é an Plean Tréadach ar chúrsa fada comhairleoirachta ar fuaid na deoise. Gabhaim buíochas ó chroí leo siúd go léir a thug lámh chúnta agus an clár cuimsitheach seo d’athnuachain ár ndeoise agus ár bparóistí á réiteach. Gabhaim buíochas le Comhairle Thréadach na Deoise a mheáigh agus a phléigh agus a thug moltaí ag gach céim dá fhorbairt. Teastaíonn uaim buíochas ar leith a ghabháil le baill Fhoireann Athnuachaint Thréadach na Deoise. Dá mhéid a bhí páirteach, níor lúide an dua sa chás seo mar chaith an fhoireann a lán ama i gcomhairle le grúpaí ar leith cléireach agus tuataí agus ag leasú an téacsa de bharr a moltaí sin. Ba mhaith liom buíochas a bhreith leis le Súsan Ní Bharóid ar son na buanna taighde agus saineolais lenar chabhraigh sí leis an bpróiseas.
Gnó mall dúshlánach ab ea an Plean Tréadach a chur le chéile. Beidh sé chomh mall agus chomh dúshlánach céanna é a chur i gcrích. Éileoidh sé comhar foirfe idir cléir agus pobal. Beidh páirt fíorthábhachtach ag na biocáirí seachtracha ar a bhfuil sé de dhualgas an plean a chur chun cinn ina Réimse Tréadach féin. Táim buíoch dóibh ar son an cúram freagrach seo a thógaint orthu féin.
Focal scoir: Ní hé sprioc phlean tréadach na deoise struchtúir a athrú, ná stuchtúir nua a bhunú. Is é is sprioc don phlean agus don athnuachaint a bheidh mar thoradh air ná Pobal Dé a neartú agus a chothú sa deoise seo i dtreo go gcreidfimid ó chroí, go ndearbhóimid ó bhéal, agus go dtaispeánfaimid ó ghníomh gurb é Críost ár nDóchas.
+ Liam Ó Murchú
Easpag Chiarraí.
Réamhrá
Ó d’fhág an ‘tíogar Ceilteach’ slán againn tá eiginnteacht agus tranglam i réim in Éirinn. Tá eiginnteacht faoi staid na heacnamaíochta; tá an dífhostaíocht ag dul i méid agus tá tuarastal na ndaoine atá fostaithe ag titeam. Tá muinín a lán daoine inár gceannairí polaitiúla ag teip. Tá suaitheadh agus fearg ar a lán i dtaobh na scannal go léir san Eaglais. Tá gá níos mó ná riamh againn le dóchas.
Is é is aidhm don ‘Phlean Tréadach’ seo dóchas agus fís a sholáthar do mhuintir na deoise. Le breis agus bliain go leith is iomaí duine a ghlac páirt sna cruinnithe agus sna comhráite as ar eascar an plean seo. Cuathas i mbun
anailís chuimsitheach, plé tuisceanach, agus breith fhadaraíonach ar riachtanais na linne. Fág go bpléann an plean tréadach le nithe mar struchtúir, córais, agus caidreamh, ní hiad sin a chéad chuspóir. Is é is ansa linn ná freagra tráthúil a thabhairt ar an dúshlán a ghabhann le fógairt an tSoiscéil i ndeoise Chiarraí ag an am seo.
An fhís a dheartar sa phlean so is é is bonn faoi ná an Soiscéal, teagasc Vatacáin II, teagasc sóisialta na hEaglaise Caitlicí agus taithí saoil daoine sa deoise. Táimid ar ár ndícheall pobal a bhunú a chothóidh an chóir, an tsíocháin agus an t-ionannas. Tugtar aitheantas do bhuanna agus do thallainn gach aon duine agus cuireann ár bhfís freagracht pháirteach na dtuataí agus na cléire chun cinn. Éilíonn an plean a chur i bhfeidhm go mbeadh gach duine againn gafa leis agus sinn ag tabhairt aghaidh ar a bhfuil romhainn le hoscailteacht, le misneach agus le samhlaíocht.
Agus sinn ag tabhairt aghaidh ar an éiginnteacht romhainn tá inspioráid againn ónár n-éarlamh Naomh Bréanainn, an loingseoir fónta. A chreideamh daingean siúd a bhí aige mar inspioráid agus a thug an misneach dó an talamh slán a thréigean agus tabhairt faoin mbóchna anaithnid. Agus sinn ag iomramh trí uiscí suaite shaol an lae inniu dála Naomh Bréanainn, tá a mhisneach agus a chreideamh domhain mar inspioráid againn.
Modheolaíocht
Cuireann an plean seo os ár gcomhair go soiléir toradh phróiseas fairsing comhairleoireachta a tharla ar fuaid Dheoise Chiarraí ó Mhárta 2008 go Márta 2009.
D’éiligh an próiseas seo tuairisc imlíneach de gach paróiste agus dul i gcomhairle leis an gcléir i ministreacht na deoise. Thug an comhairliú caoi don chléir béim a chur ar nithe a bhaineann leis an deoise agus a dtuairimí fúthu a chur in iúl.
Chuathas i gcomhairle freisin lena lán grúpaí agus daoine aonair atá ag gníomhú faoi scáth Dheoise Chiarraí. Thug an próiseas caoi do thuataí, don chléir agus do lucht na beatha rialta a bheith páirteach dár dtreorú sa chonair romhainn. Fionnadh fadhbanna criticiúla agus tá an deoise anois ag dréim lena réiteach.
Rinneadh na luachanna, an fhís, an misean agus na tosaíochtaí a chuirtear i láthair sa phlean seo a ransú, a phlé, a mheas agus a mheá ag líon mór de chill agus thuath na deoise le bliain anuas. Thug an próiseas féin daoine le chéile le fís do Dheoise Chiarraí do na ceithre bliana romhainn a rianú.
De bhreis ar fhís don deoise a chur i láthair, déanann an plean tréadach seo spriocanna agus cuspóirí atá bunaithe ar shaothar na mblianta atá caite agus atá dírithe ar an fhís nua a chur i gcrích a thabhairt os ár gcomhair.
Measúnú
Agus tosaíochtaí an phlean thréadaigh seo á gcur i láthair ag deoise Chiarraí, tá sé á gheallúint aige go mbainfidh sé amach spriocanna áirithe a bhaineann le gach tosaíocht. Cuireann an plean in iúl torthaí soiléire do na ceithre bliana chugainn. Sa tslí sin deir sé go soiléir cad ba cheart a bheith bainte amach agus cad a bheidh bainte amach faoi 2013. Ceapfar plean níos mion-
chúisí gach bliain ina mbeidh mionsonraí faoi bheartais ar leith agus torthaí faoi leith.
Gné fhíorthábhachtach den phlean tréadach seo is ea measúnú ar an ndul chun cinn i dtreo na spriocanna seo sna ceithre bliana seo chugainn. Dá réir sin geallann Deoise Chiarraí bealaí a bhunú a dhéanfaidh measúnú ar a bhearta agus a chinntiú go mbainfear amach na spriocanna a nochtar sa phlean seo.
Ár Misean mar Dheoise
Déanaimidne, muintir Dheoise Chiarraí,
I gcomaoine leis an Eaglais Chaitliceach uilí,
Agus le muinín i nDia grámhar trócaireach,
Soiscéal Íosa Críost a fhógairt don uile dhuine
Trínár ngairm bhaiste chun an ghrá, na córa agus na síochána
A mhaireachtáil sa phobal
Trí fhianaise, adhradh, agus seirbhís.
Is í ár bhfís dheoise:
Mar a gcaoinbhuailimid le Dia grámhar trócaireach a adhraimid mar phobal agus mar dhaoine aonair;
Mar a bhfuil meas againn ar dhínit agus bhuanna a chéile;
Mar a gcosnaímid agus a mhuirnímid leanaí agus daoine óga;
Mar a mbraithimid sa bhaile le fáilte;
Mar a n-éistímid agus a fhoghlaimímid ó dhaoine eile;
Mar a dtéimid i ngleic le dúshláin an domhain shíormhalarthaigh;
Mar a ndéanaimid sinn féin a thíolacadh níos daingine don chóir, don tsíocháin agus do iomlánú na cruthaíochta go logánta, in Éirinn agus ar fuaid an domhain mhóir;
Mar a mbíonn meas againn ar ghrúpaí, ar chultúir agus ar chreidimh eile agus a ndéanaimid caidreamh leo;
Mar a bhfuilimid tíolactha do fhianaise a thabhairt don Soiscéal go logánta, go náisiúnta agus sa saol mór;
Mar a mairimid ar shlí a chosnaíonn agus a chothaíonn an domhan atá i mbaol a scriosta;
Mar a bhfuil struchtúir chomhair agus comhar á chleachtadh;
Mar a bhfuil oscailteacht agus iontaofacht inár gcaidreamh;
Tá na luachanna seo leanas mar thaca ag an bhfís do Dheoise Chiarraí:
• Tá muinín againn as an Dia grámhar trócaireach a d’fhoilsigh Íosa Críost
• Tugaimid fianaise do Dhea-Scéal Íosa Críost agus fógraímid é le háthas
• Tá meas againn ar dhínit ar leith agus ar thallann gach duine
• Cuirimid fáilte roimh gach duine gan doicheall roimh aon duine
• Éistímid le gach duine agus foghlaimímid uathu
• Is luachmhar linn an bheatha dhaonna mar thabhartas ó Dhia
• Cleachtaimid maithiúnas agus trua croí Críostaí
• Bímid ag dréim le maireachtaint sa bhfírinne agus sa ghrá
• Is gráin linn agus tugaimid faoi bhochtaine, éagóir, agus leathchuma
• Ceiliúraimid cruthaíocht Dé agus bímid ag dréim lena scrios a chosc
• Déanaimid caidreamh le baill gach creidimh agus cultúir inár measc
• Is gean linn an cheannaireacht chomhair
• Cuirimid oscailteacht, freagracht agus foirfeacht chun cinn inár mbearta go léir.
Réimsí Tosaíochta
Ó Meán Fómhair 2009 go Meán Fómhair 2013 beidh Deoise Chiarraí ag díriú ar na réimsí tábhachtacha seo leanas agus sinn ag dréim lenár bhfís a réalú.
Soiscéalaíocht
Creidimid sa Dea-Scéal, an dea-scéal go bhfuil grá ag Dia do gach duine againn agus go bhfuil sé tagtha gar dúinn in Íosa Críost. Is é is soiscéalaíocht ann ná á chur ar chumas daoine, mar dhaoine aonair agus mar phobail, aithne a chur ar Dhia seo an ghrá. Is é atá mar dhúshlán againn ná an Dea-Scéal a chur in aithne do dhaoine, tuiscint níos doimhne a fháil ar ghairm Chríost, agus sinn a bheith inár bpobal grá i saol an lae inniu.
Comhar
Ár ndúshlán inniu is ea cabhrú lenár bpobail comhar a dhéanamh le chéile ag fógairt an Dea-Scéil. Caithfimid slite le comhar a dhéanamh le chéile a fhorbairt le go mbeadh meas ar thallainn agus ar chúnamh gach duine sa chúram seo.
Cosaint Leanaí
Is cúis mhór bhróin dúinn go léir le blianta beaga anuas an phian uafásach a d’fhulaing leanaí trí mhí-úsáid. Is é an dúshlán anois ná leanaí agus daoine óga a bhíonn inár gcúram a chosaint, agus go dtuigfimis níos fearr mar phobal an fhreagracht atá orainn maidir le leas leanaí agus na hóige agus freagairt go cuí dóibh siúd a d’fhulaing mí-úsáid.
An Óige
Tá páirt thábhachtach ag an óige i bhforbairt ár sochaí. Is é an dúshlán ná deiseanna agus áiseanna a sholáthar dóibh a chuirfidh ar a gcumas fás go pearsanta, go sóisialta agus go spioradálta. Mar phobal eaglaise caithfidh daoine óga a bheith páirteach i saol na heaglaise.
An Chóir, an tSíocháin agus Iomláine na Cruthaíochta
Mairimid i saol ina bhfuil a lán ar an imeall agus a lán faoi leatrom. Ní mór dúinn teacht ar thuiscint níos fearr ar cé mar atá an chóir mar ghné riachtanach dár saol mar Chríostaithe. Mar phobal eaglaise tá páirt mhór againn ag tógáil sochaí cóir, sochaí aireach don ainniseoir.
Caidreamh Éifeachtach
Tá glaoite orainn an dea-scéal a chraobhscaoileaadh. Ár ndúshlán anois is ea modhanna cumarsáide éifeachta idir pobal uile na deoise a fhorbairt agus feidhm a bhaint as na meáin go léir atá ar fáil.
Bainistiú ár Maoine
Creidimid mar Chríostaithe gur tabhartas gach a bhfuil againn, tabhartas ó Dhia. Tá freagracht orainn tabhartais agus maoin ár ndeoise a úsáid go ciallmhar. Ní ceist sainte é seo ach tuiscint chríonna ar an bhféile; ciallaíonn sé a bheith freagrach as a bhfuil againn agus as mar a chaithfimid é. Inár bplean ceithre bliana táimid ag díriú ar bheith cúramach maidir le foireann, agus le maoin i dtreo go mbainfear feidhm go ciallmhar as a bhfuil againn agus a bhfaighimid, ar mhaithe le riachtanais an phobail Chríostaí.
Soiscéalú
Sprioc: Oiliúint a chur ar chách le go mbeadh tuiscint níos fearr acu ar ghairm agus ar mhisean Chríost
Cuspóirí
1.Deiseanna a sholáthar do dhaoine le go saibhreofaí a dtuiscint agus a dtaithí creidimh;
2.Páirtíocht an phobail go léir san Aifreann a chothú;
3.Teagasc a chur ar fáil doibh siúd atá ag ullmhú do na Sacraimintí;
4. Teagasc a chur ar fáil do thuismitheoirí leanaí atá ag ullmhú do na Sacraimintí;
5. Tacaíocht leanúnach a chinntiú do fhorbairt chreidimh daoine óga ag an mbunlibhéal, an dara libhéal agus an tríú libhéal;
6. Oiliúint agus tacaíocht a thabhairt do mhinistrí liotúirgeacha;
7. Oiliúint agus tacaíocht leanúnach a sholáthar don chléir;
8. Tacú le saol an teaghlaigh;
9. Tacú le gairmeacha Críostaí;
10. Caidreamh a chothú le daoine a bhraitheann scartha ón Eaglais.
11. Caidreamh a chothú le lucht creidimh eile.
Na Príomhthorthaí
• Cúrsaí a chothaíonn an creideamh i bparóistí agus i réimsí tréadacha;
• Oiliúint á sholáthar do pharóistí le go bhfaighidís breis tuisceana ar an Aifreann;
• Lucht oiliúna do ullmhúchán do na sacraimintí a ainimniú sna réimsí tréadacha;
• Cabhair lena saothar a bheith ar fáil do bhun- agus do mheán-mhúinteoirí agus do shéiplínigh;
• Ministrí liotúirgeacha oilte i ngach paróiste;
• Deiseanna ar fáil bheith páirteach in ullmhúchán agus i gceiliúradh Chomhdháil Eocairisteach na bliana 2012;
• Laethanta rialta staidéir agus tionól bliantúil á gcur chun cinn don chléir;
• Cláracha á soláthar le go gcabhródh paróistí le saol an teaghlaigh;
• Straitéis le gairmeacha a chur chun cinn ar fáil do pharóistí;
• Breis caidrimh agus cumarsáide le lucht creideamh eile.
Comhar
Sprioc: Comhar idir tuataí agus cléir ag libhéal an pharóiste, an réimse thréadaigh agus na deoise a chur chun cinn agus a chothú
Cuspóirí
1.Struchtúir a bhunú ag libhéal an pharóiste, an réimse thréadaigh agus na deoise le comhar a chothú idir tuataí agus cléir;
2.Treoracha agus áiseanna a sholáthar le hearcú agus insealbhú ministrí agus deonaigh;
3.Treoracha a fhorbairt do Chomhairlí Tréadacha Paróiste, Réimse Thréadaigh, agus Deoise;
4.Oiliúint thréadach i gceannaireacht a sholáthar do bhaill na gComhairlí Tréadacha go léir;
5.Measúnú ar obair na gComhairlí Tréadacha Paróiste, Réimse Thréadaigh agus Deoise;
6. Treoracha, oiliúint agus tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí liotúirgeacha.
7. Treoracha, oiliúint agus tacaíocht a thabhairt do chomhairlí airgid;
8. Tacaíocht a chinntiú do ghrúpaí sa mhinistreacht thréadach ag libhéal an pharóiste agus na deoise;
Príomhthorthaí
• Bunú Chomhairle Tréadach Paróiste, Réimse Tréadach, agus coiste airgid i ngach paróiste;
• Bunú Comhairle Thréadach Réimse sa dosaon réimse tréadach sa deoise;
• Treoracha agus tacaíocht bhuan ar fáil do Chomhairlí Tréadacha Paróiste, Réimse Tréadach agus Deoise;
• Plean bliantúil réitithe ag Comhairle Thréadach na Deoise, na Réimsí Tréadacha agus na bParóistí ;
• Breis páirtíochta ag tuataí ag libhéal an pharóiste agus na deoise;
• Meáin chumarsáide níos éifeachtaí idir aonaid den mhinistreacht threádach;
• Aonaid den mhinistreacht thréadach á bhraith go bhfuil meas orthu agus go bhfuilid á ndearbhú ina ministreacht.
• Tionól de chléir agus de thuath na deoise.
An Chóir, an tSíocháin agus Iomlánú na Cruthaíochta
Sprioc: Ár n-aird a dhíriú ar ár bhfreagracht Chríostaí saothrú ar son na córa, na síochána agus iomlánú na cruthaíochta go logánta agus sa saol mór.
Cuspóirí:
1. Aird a dhíriú ar Theagasc Sóisialta na hEaglaise;
2. Timpeallacht mharthanach dhomhanda a shaothrú trí aird a dhíriú ar chúram don chruinne.
3. Aird agus freagra a dhíriú ar ceisteanna imealluithe agus bochtaine go logánta, go náisiúnta agus sa saol mór.
4. Aird a dhíriú ar cheisteanna ag baint le himirce agus breis tuisceana a bheith ina dtaobh.
5. Fáilte a chur imircigh de náisiúin eile agus cabhrú leo socrú síos;
Príomhthorthaí
• Foinsí agus cáipéisíocht a bhaineann le Teagasc Sóisialta na hEaglaise a bheith ar shuíomh idirlín na deoise;
• Beartais ag cosaint timpeallacht mhartanach dhomhanda á gcur chun cinn;
• Obair Thrócaire agus na gCumann Miseanda Pontificiúil á cur chun cinn;
• Cothú comhair le heagrais is cumainn atá in aghaidh an imealluithe agus na bochtaine;
• Straitéisí in aghaidh an imealluithe agus na bochtaine a chur chun cinn;
• Ciníochas agus leathchuma á dtroid ag libhéal an pharóiste agus na deoise;
• Seasamh guala le guala na n-imirceach;
• Meas ar dhaoine de chreidimh agus de chultúir eile.
Cosaint Leanaí
Sprioc: Barr slándála a sholáthar do leanaí agus do dhaoine óga trí pholasaithe agus bealaí soiléire a chur i bhfeidhm agus monatóireacht a dhéanamh orthu
Cuspóirí:
1. Polasaithe agus bealaí chun leanaí agus daoine óga a chosaint a bheith i bhfeidhm i ngach paróiste sa deoise;
2. Eolas faoi pholasaithe agus bealaí chun leanaí agus daoine óga a chur chun cinn i ngach paróiste;
3. Tacaíocht a thabhairt dóibh siúd atá gafa le cosaint leanaí agus daoine óga;
4. Scrúdú a dhéanamh gach bliain lena a fháil amach cé mar atá na polasaithe agus na bealaí chun leanaí agus daoine óga a chosaint á gcur i bhfeidhm ag libhéal an pharóiste agus na deoise;
5. A chinntiú go bhfuil freagra cuí á thabhairt ar dhaoine a d’fhulaing mí-úsáid ó chléirigh nó ón deoise;
Príomhthorthaí
• Polasaithe agus bealaí chun leanaí agus daoine óga a chosaint a bheith i bhfeidhm i ngach paróiste;
• Mionsonraí faoi pholasaithe na deoise faoi chosaint leanaí agus daoine óga a bheith ar shuíomh idirlín na deoise;
• Polasaithe agus bealaí chun leanaí agus daoine óga a chosaint a nua-aimsiriú gach bliain;
• Breis aird ar an ngá leanaí agus daoine óga a chosaint ar fud na deoise;
• Oiliúint agus tacaíocht bhuan ar fáil do choistí paróiste do chosaint leanaí agus daoine óga;
• Córais éifeachtacha le tuairisciú agus le freagairt do líomhaintí faoi mhí-úsáid leanaí ag sagairt agus foireann na deoise.
Daoine Óga
Sprioc: Fáilte a chur roimh dhaoine óga agus caidreamh a dhéanamh leo le go mbeadh sé ar a gcumas forbairt go sóisialta go spioradálta agus go mothálach.
Cuspóirí:
1. Deiseanna a sholáthar do dhaoine óga bheith páirteach i dtionscnaimh paróiste, réimse tréadach, agus deoise.
2. Cláracha lasmuigh den scoil a chur ar fáil le cabhrú le daoine óga aibiú sa chreideamh;
3. Nascanna foirmiúla a dhéanamh idir an deoise an paróiste agus Seirbhís Óige Dheoise Chiarraí;
4. Aird a dhíriú ar na seirbhísí a sholáthraíonn Seirbhís Óige Dheoise Chiarraí agus cabhrú leis;
5. Oiliúint agus tacaíocht a sholáthar dóibh siúd atá gafa i ministreacht na hóige;
Príomhthorthaí
• Daoine óga páirteach go gníomhach ag libhéal paróiste, réimse tréadach agus deoise;
• Seirbhís Óige Dheoise Chiarraí ag cur seirbhísí ar fáil do fhorbairt shóisialta, spioradálta, agus mhothálach daoine óga.
• Daoine óga á spreagadh agus á misniú le bheith páirteach i Lá Domhanda na hÓige 2011.
Cumarsáid Éifeachtach
Sprioc:Stratéis a chinntíonn cumarsáid éifeachtach don deoise a sholáthar agus a chur i bhfeidhm.
Cuspóirí
1. Úsáid na teicneolaíochta a chur chun cinn le feabhas a chur ar chumarsáid ag libhéal an pharóiste, an réimse thréadaigh, agus na deoise;
2. Cumarsáid éifeachtach a fhorbairt idir grúpaí i ministreachtaí tréadacha agus paróistí;
3. Suíomh soláimhsithe idirlín a dhearadh agus a chothabháil idir oifig na deoise agus foirne paróiste;
4. Oiliúint i gcumarsáid a chur ar fáil don chléir, agus d’fhoirne deoise agus paróiste;
5. Stratéis shoiléir a fhorbairt do chaidreamh agus faisnéis do na meáin;
6. Fógraí, foinsí agus cáipéisí á gcur ar fáil mar is cuí i nGaeilge agus i dteangacha eile.
Príomhthorthaí
• Breis úsáide á baint as an teicneolaíocht ar fud na deoise;
• Breis úsáide á baint as suíomh idirlín na deoise;
• Oiliúint agus áiseanna cumarsáide ar fáil don chléir agus d’fhoirne paróiste agus deoise;
• Cumarsáid éifeachtach idir oifig na deoise agus foireann an pharóiste;
• Cumarsáid éifeachtach ag leibhéal deoise, réimse tréadach, agus foireann paróiste;
• Straitéis do chaidreamh leis na meáin socair;
• Foinsí cúnta eolais na deoise ar fáil i nGaeilge.
Bainistiú Maoine
Sprioc: Na tabhartais agus an mhaoin a tugadh ar iontaoibh dúinn mar dheoise a bhainistiú le freagracht
Cuspóirí:
1. Polasaithe agus bealaí le maoin dhaonna a bhainistiú a chinntiú agus a chur i bhfeidhm ag libhéal an pharóiste, an réimse thréadaigh agus na deoise.
2. Polasaithe agus bealaí do bhainistiú airgid agus dá fhreagracht a bhunú ag libhéal paróiste, réimse thréadaigh agus deoise.
3. Polasaithe agus bealaí do bhainistiú agus d’fhorbairt maoine a chinntiú ag libhéal paróiste, réimse thréadaigh agus deoise.
4. Struchtúir éifeachtacha a fhorbairt do riaradh na deoise.
Príomhthorthaí
• Duine ar leith ceaptha freagrach as maoin dhaonna a bhainistiú ag libhéal paróiste, réimse thréadaigh, agus deoise;
• Duine ar leith ceaptha freagrach i mbun riaradh ginearálta agus airgid;
• Struchtúir éifeachtacha do riaradh na deoise ar bun;
• Monatóireacht bhliantúil ar chórais airgid deoise agus paróiste;
• Stratéis bainistiú maoin pharóiste agus dheoise i bhfeidhm agus á nua-aimsiriú go rialta.
• Timpeallacht agus coinníollacha oibre sásúla ag gach duine atá ag obair ag an deoise.
Struchtúr Deoise
Paidir na Deoise
A Thiarna,
Ós deisceabail sinn, cabhraigh linn
Ár saol a chaitheamh cosúil le hÍosa
In éineacht leatsa agus lena chéile agus leis an gcruthaíocht.
Coinnigh san airdeall sin ar chomharthaí ár linne
Agus fonn orainn glacadh le dúshlán an tSoiscéil.
Leigheas sinn le ceirín do ghrá,
Cothaigh sinn le do Bhriathar, beathaigh sinn ag do bhord.
Oscail ár suile le tallainn chách a athaint is feidhm a bhaint astu, comharthaí do Spioraid inár measc.
Go rabhaimid inár bhfinnéithe beo
Ar an bhfírinne, an chóir agus an tsíocháin,
Ar an dtinteán, sa láthair oibre, agus inár bpobal.
Amen.
Creative Facili... A two-day course in ...
Prayer Afternoo... Starting with Rosary ...
Listowel Garden... Kerry Parents and Fr ...
Dates to remember
click here for more