Boinn Bene Merenti

Mar chomhartha buíochais ó shagairt agus pobal an pharóiste, bronnadh Bonn Bene Merenti ar thriúr ó Pharóiste an Fheirtéaraigh le déanaí.  Ag aifreann i Séipéal na Carraige, ar an 26 Márta, bronnadh an bonn agus scrolla ar Pheigí Ruiséal, Bóthar Buí agus ag aifreann an Domhnaigh i Séipéal Naomh Uinseann ar an 2 Aibreán bronnadh na boinn agus na scrollaí ar Shiobhán Uí Fhathaigh, Na Cluainte agus ar Chaitlín Ní Shé-Sears, Baile an Fheirtéaraigh Thiar.  Ag na searmanais tugadh ardmholadh dóibh as an obair iontach a dhein siad sa pharóiste agus don dtacaíocht agus don gcabhair a thug siad dos  na sagairt agus muintir an pharóiste.